Achoimre den Tionscnamh
Gléas is ea Tionscnamh Abhantraí NS Share le spriocanna an Chreat-Teoir Uisce (CTU) a chur i gcrích taobh istigh de cheantar Abhantraí NS Share idir Mí Iúil 2004 agus Márta 2008. Féach an léarscáil idirghníomhach thíos a léiríonn cá bhfuil na Ceantair Abhantraí.
Seo a leanas liosta cuimsitheach na gcúraimí atá leagtha amach le spriocanna an CTU a ghnóthú trí thionscnamh NS SHARE:
- Sonraí meastóireachta a chruinniú agus a anailísiú
- Gach Ceantar a shonrú i gcomhréir leis an CTU
- Córas bainistíochta abhantraí a fhorbairt
- Córas faireacháin a fhorbairt agus a chur i ngíomh (imscrúdaithe speisialta faoi bhrúnna ar chaighdeán uisce sna ceantair abhantraí san áireamh)
- Córas eolais gheografaígh digiteach a fhorbairt
- Clár beart a ullmhú
- Clár eolais agus comhchomhairle a chur ar fáil don pobal
- Córas Bainistíochta Timpeallachta a chur ar fáil
- Straitéis um Bhainistíocht Abhantraí a réiteach
- An Straitéis um Bhainistíocht Abhantraí a chur i bhfeidhm
- Modhanna/cur chuige a bheith ar aon dul maidir le feidhmiú an CTU in Éirinn agusTuaisceart Éireann araon
Tá tuilleadh eolais ar na hábhair thuas ach dul chuig suíomh an Chreat-Treoir Uisce de chuid Choimisiún na hEorpa ag http://europa.eu.int/comm/environment/water/water-framework/index_en.html








